Description
Is é an Banc Eorpach Infheistíochta eite iasachtaithe an Aontais Eorpaigh. Mar sin, tá an BEI ina chuid lárnach den Aontas Eorpach. Cuirimid lena spriocanna beartais. Cuirimid lena thionchar domhanda. Cuirimid lena fheiceálacht, agus táimid gníomhach sna Ballstáit agus ar fud an domhain. Leis an méid sin a dhéanamh, cuirimid luachanna an Aontais Eorpaigh chun cinn.
Léiriú é lógó an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ar ár ról mar bhanc an AE. Tá trí ghné ar leith sa lógó: Léiriú stílithe ar fhoirgneamh cheannáras an BEI i Lucsamburg, bratach an Aontais Eorpaigh agus ainm na hinstitiúide.
Leagann an bhratach béim ar stádas an Bhainc mar chuid den Aontas Eorpach. Léiriú é cruth sainiúil phríomhfhoirgneamh an Bhainc ar a uathúla atá ár ról.
- Leagan ingearach: An príomhleagan de lógó an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.
- Leagan cothrománach: Leagan tánaisteach den phríomhlógó, le húsáid nuair a bhíonn spás ag teastáil agus i gcomhair fad leathnaithe (bratach fhada, chaol, nó cúlra, cuir i gcás).
- BEI Domhanda: Ba cheart an lógó seo a úsáid le haghaidh cumarsáid a bhaineann le BEI Domhanda.
Le cead a iarraidh an lógó a úsáid, déan teagmháil le: publications@eib.org